|
Is é an feoilséanadh nó an veigeatóireachas an nós gan feoil ná iasc a ithe. Is feoilséantóirí nó veigeatóirí na daoine a leanann an feoilséanadh. Ní itheann cuid d'fheoilséantóirí táirgí déiríochta (.i. bainne, cáis, im, srl.), uibheacha, nó mil ach a oiread; veigeáin nó fíor-veigeatóirí a thugtar ar na daoine seo.
Tá fáthanna difriúla ag na daoine gan feoil a ithe. Ceapann cuid díobh gurb olc é ainmhithe a mharú le haghaidh bia; séanann cuid eile feoil ar son a sláinte nó ar son an chomhshaoil. Tá daoine éigin ina bhfeoilséantóirí as ucht a gcreidimh.
Questions for article:
|